Comhlachtaí Thuaidh Theas
Bunaíodh an Chomhairle Aireachta Thuaidh–Theas (CATT) chun iad siú a bhfuil freagrachtaí feidhmiúcháin acu i dTuaisceart Éireann agus Rialtas na hÉireann a thabhairt le chéile chun comhairliúchán, comhoibriú agus gníomhú a fhorbairt ar oileán na hÉireann. Bunaíodh comhlachtaí Thuaidh–Theas faoi choimirce an CATT agus is de bhun sin a tharlaíonn comhoibriú ar bhonn trasteorann nó uile-oileáin.
I gcomhar leis an Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste do Thuaisceart Éireann, déanann an Oifig iniúchtaí ar na comhlachtaí Thuaidh–Theas seo a leanas:
| An Foras Teanga | Comhlacht na gClár Speisialta AE |
| An Bord um Chur chun Cinn Sábháilteachta Bia | Turasóireacht Éireann Teo |
| Coimisiún an Fheabhail, Chairlinn agus Shoilse na hÉireann | Uiscebhealaí Éireann |
| An Foras Forbartha Trádála agus Gnó | |